Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Mac an Easpaig (ar athláimh)

Liam Mac Uistin. An Clóchomhar Teo., 1998. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Eachtraidheacht (ar athláimh)

Clúdach bog. Uimhir ‘6’ scríofa ar an gclúdach.

Fuinneoga (ar athláimh)

Tomás Tóibín. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, an chéad chló 1980. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Cúpla smál beag ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Irish Monasticism (ar athláimh)

Rev. John Ryan. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Spotaí móra ruachain ar an imeall fada. Talbot Press 1931. Na leathanaigh nach mór saor ó mharcanna. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála…

Bruighean Feille (ar athláimh)

Niall Ó Domhnaill. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. 1934. Leabhar crua le forchlúdach páipéir lámhdhéanta. An forchlúdach caite agus breacphictiúir air. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs glan.

Laochra na hÉireann agus na Cluichí Oilimpeacha 1896-1996 (ar athláimh)

Séamus Ware. Coiscéim, 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl.

Window on the World (ar athláimh)

An Essay on Culture. Dr. Eileen Kane. Clódhanna Teoranta, 1976. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe agus smál ar an chlúdach.

Na Cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua (ar athláimh)

An tAthair Peadar Ua Laoghaire Canonach. Gan dáta, Brún agus Ó Nualláin Teor. Clúdach crua gan fhorchlúdach. I riocht an-mhaith, Barr agus bun an droma brúite beagáinín, críoch dearg ar imeall na leathanach ar fad. Síniú an iar-úinéara scríofa laistigh.

Dónall Ó Conaill (ar athláimh)

An tAthair Antaine Ó Duibhir. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Forchlúdach stróicthe ar barr. Cnag ar an bhforchlúdach agus é caite ar an imeall. Smál ar na leathanaigh ceangail.

Tuarisc (ar athláimh)

Seosamh Ó Duibhginn. An Clóchomhar Tta., 1982. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe, smál ar an chlúdach.

Lochlann – A Review of Celtic Studies (ar athláimh)

Volume 1. Curtha in eagar ag Alf Sommerfelt. Oslo University Press, 1958. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an bhforchlúdach, agus é caite beagáinín sna cúinní. Bloc téacs an-ghlan.

Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil Cuid a I (ar athláimh)

Sreath Leabhar do Chraobhgaoileadh Náisiúnta na nGaedheal I. Eóghan Ó Neachtain. M. H. Mac Goill & a Mhac, Teor., 1910. Sa seanchló. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus na himill beagáinín caite. Dath an droma ídithe. Dorchú ar na leathanaigh ach an bloc téacs an-ghlan.

Dublin (ar athláimh)

Peter Somerville-Large. Granada Publishing Ltd., 1981. Riocht an-mhaith. Dorchú ar an imeall.

Ceachta as Leabhar na Cruinne [1940] (ar athláimh)

Clúdach crua, dath an línéadaigh ídithe beagáinín. Dorcha ar an imeall. Riocht maith. An tAthair P. Mac Giolla Cheara, Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

Dánta do Pháistí (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1949. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus na cúinní beagáinín brúite. Ruachan ar na leathanaigh ach iad ar fad glan seachas sin.

Súile Shuibhne (ar athláimh)

Cathal Ó Searcaigh. Coiscéim, 1983. Clúdach bog, riocht maith. Roic agus smáil ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite. Sínithe ag an údar. Bloc téacs an-ghlan.

Armed Struggle (ar athláimh)

A History of the IRA. Richard English. Macmillan, 2003. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

On the Blanket – The H-Block Story (ar athláimh)

Tim Pat Coogan. Ward River Press, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

An Dia a Rinne Gáire (ar athláimh)

Dónal Ó Duigneáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1957. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Dorchú ar an chlúdach, caite ar an imeall, agus roinnt smál air. Droim leochaileach taobh istigh. Na leathanaigh dorcha ach glan.

Aeriris (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa. An Clóchomhar Tta., 1976. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Forchlúdach caite ar an imeall agus smál air/dath ídithe. Leabhar crua féin i riocht maith, spotaí ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil