Skip to content

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Measgra Dánta II (ar athláimh)

Miscellaneous Irish Poems. Cuid a dó. Curtha in eagar ag Thomas F. O’Rahilly. Cló Ollscoile Chorcaí 1977. Clúdach bog, riocht maith. Greamán agus marc ó chupán tae ar chúl. Na leathanaigh an-ghlan.

Rathfarnham – Gateway to the Hills (ar athláimh)

The Story of Rathfarnham Past and Present from the Dodder to Kilmashogue. The Local History Group, Rathfarnham Guild, Irish Countrywomen’s Association. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an imeall agus smál ar an chlúdach.

Irish Traditional Music Archive – The First Ten Years (ar athláimh)

Taisce Cheol Dúchais Éireann – Na Chéad Deich mBliana. ITMA, 1997. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Deannach ar an chlúdach, roinnt marcanna agus an clúdach caite beagán in áiteanna. Na leathanaigh an-ghlan.

An Eoraip ag Caint (ar athláimh)

Beo-Theangacha 1. Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, 1994. Leabhrán bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach.

An Uain Bheo [1968] (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

The Life and Death of Lord Edward Fitzgerald (ar athláimh)

Thomas Moore. R. & T. Washbourne, Ltd. Clúdach bog, riocht caite. Droim imithe, fuáil le feiceáil. Clúdach nach mór éalaithe. Smál ar an chlúdach, dath ídithe chomh maith.

Scéal Ghael-Linn (ar athláimh)

Mairéad Ní Chinnéide. Cló-Iar Chonnachta, 2013. Clúdach crua le forchlúdach, riocht iontach. Sínithe ag an údar.

Éire – An Teagmháil Athnuaite Sin (ar athláimh)

Irlanda “quel riconfermato incontro”. Ireland “that reconfirmed encounter”. Mario Luzi. Istituto Italiano di Cultura, Dublino. 1993. Clúdach bog. riocht maith. Smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

An tIolar Dubh [An chéad chló, 1956] (ar athláimh)

An chéad chló. Clúdach bog. Smál air, agus an droim stróicthe ar barr. 186 leathanach. Nuair a d’imigh Sáirséal go dtí an Fhrainc i ndiaidh Chonradh Luimní, fágadh buíonta beaga anseo agus ansiúd ar fud na tíre a thóg de chúram orthu féin misneach na ndaoine a choinneáil beo. Buíon díobh seo a bhí mar…

The Town in Ireland (ar athláimh)

Historical Studies XIII. Curtha in eagar ag David Harkness agus Mary O’Dowd. Appletree Press, 1981. Clúdach crua, le forchlúdach. Dath ídithe ar an bhforchlúdach agus marcanna air. Smál beag ar an leabhar crua féin. Bloc téacs an-ghlan.

Maeldún (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1972. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Michael Collins – The Bestselling Biography (ar athláimh)

Tim Pat Coogan. Arrow Books, 1991. Paperback. Riocht maith, dath ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh.

Translittérature – Hiver 2013 (ar athláimh)

Côte à côte: Les métamorphoses de Kafka. Ils traduisent, ils écrivent: Entretien avec Diane Meur. Geimhreadh 2013, Uimh. 44. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

Torfinn (ar athláimh)

Cliodhna Cussen. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe in áiteanna, marcanna ar an chlúdach.

Cré na Cille [1996] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 1996. Clúdach bog. Geall le bheith nua.

Mise Raifteirí an File (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal & Dill, 1974. Clúdach crua, le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach, leabhar crua féin i riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

In Ardchathair na hEorpa (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1976. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh.

The Narrow Ground (ar athláimh)

Aspects of Ulster, 1609-1969. A.T.Q. Stewart. Clúdach crua, forchlúdach leis. Dath an drom ídithe. Ainm an iar-úinéara ann. Faber & Faber. Riocht an-mhaith.

Ní Iontas go bhfuil an Spideog ag gearán (ar athláimh)

Dánta i nGaeilge, Poèmes en irlandais. Pádraig Breandán Ó Laighin. Coiscéim, 2011. Clúdach crua le forchlúdach, geall le leabhar nua seachas smál beag ar an bhfórchlúdach.

An Dá Fhórsa (ar athláimh)

Tomás Ó Muircheartaigh. Sreath paimfléidí le Connradh na Gaedhilge, Uimhir a Ceathair. 1956. Paimfléad bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smáil ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil