Skip to content

I mBéal an Phobail

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Pól Aspal – Litreacha Naomh Pól [1977] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite ar an imeall agus sna cúinní. An bloc téacs i riocht an-mhaith.

Partition and the Limits of Irish Nationalism (ar athláimh)

An Ideology Under Stress. Clare O’Halloran. Gill & Macmillan, 1987. Clúdach bog. Riocht cuibheasach maith. Smál mór ar an chlúdach agus smál ar chúl. Dorchú ar an imeall.

Éigse an Cheoil (ar athláimh)

An Roinn OIdeachais, An Chéad Chló 1975. Clúdach bog, i riocht cuibheasach. Smál agus ruachan ar chuid desna leathanaigh. Meirg ar na stáplaí.

An Duinníneach [leath-chrua] (ar athláimh)

Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1958. Clúdach leath-chrua, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, smál air chomh maith. Cúinní beagáinín caite. Dorchú ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Iosagán agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Pádraig Mac Piarais. Conradh na Gaeilge. Clúdach crua le forchlúdach lámhdhéanta páipéir. Riocht maith. Smál ar an chlúdach agus é caite beagáinín sna cúinní. Bloc téacs an-ghlan.

Scéalaíocht na Ríthe [bog, 1956] (ar athláimh)

An chéad chló, clúdach bog. Lúbtha beagáinín. Téacs agus imill an-glan. Smál beag ar an gclúdach. Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana. Micheál Mac Liammóir do mhaisigh.

Corpus Iuris Hibernici Vol.V (ar athláimh)

Ad Fidem Codicum Manusciptorum Recognovit. D. A. Binchy. Tomus Quintis. Intitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978. Clúdach crua, riocht iontach. Cúpla marc beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Roparz Hemon (ar athláimh)

Kunioù & Hengoun lennegel ar Brezhoneg. Cuimhní cinn agus traidisiún liteartha na Briotáinise. Clúdach bog, i riocht maith. Síniú an iar-úinéara laistigh. Greamán ar cúl.

Treo 2000 (ar athláimh)

Coimisiún Chun Ról na nEagras Deonach Gaeilge a Scrúdú. An Roinn Ealaíon, Cultúir & Gaeltachta. Oifig an tSoláthair, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc/smál air.

Féar Suaithinseach [1984] (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart a d’fhoilsigh. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht maith. Cliodhna Cussen a dhear an clúdach.

An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940 (ar athláimh)

Aisling Nic Dhonnchadha. An Clóchomhar 1981. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Quiz Time (ar athláimh)

Peter Murphy, Kincora Books. 1977. Clúdach bog le smáil. Dath an droma ídithe. Riocht maith. Bloc téacs glan.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath ar imeall an chlúdaigh ídithe; clúdach ar bharr an droma beagáinín stróicthe. 4ú eagrán, athchló 1969.

Old Celtic Romances (ar athláimh)

P. W. Joyce. The Talbot Press Ltd., reprinted 1961. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an bhforchlúdach, smáil agus deannach air. Deannach ar an taobh. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Dieci Secoli di Pittura Italiana – Il Secolo XIV (ar athláimh)

Testo di A.M. Francini Ciarnfi. Edizioni d’Arte Amilcare Pizzi, Milano, 1953. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Roic agus smál ar an bhforchlúdach, atá stróicthe beagáinín ar an droim. Cúinní caite agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Mé Féin is m’Asal (ar athláimh)

Le Robert Louis Stevenson. Seán Ó Ruadháin do chuir Gaedhilg air. Muinntir Chathaill, Teo., 1937. Dorchú ar na leathanaigh. Ruachan ar imeall na leathanach agus ar an leatheanach teidil agus leath-teidil. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Irish Anglicanism in Irish Life Presented to the Church of Ireland (ar athláimh)

…on the Occasion of the Centenary of Its Disestablishment By a Group of Methodist, Presbyterian, Quaker and Roman Catholic Scholars. Clúdach crua, forchlúdach leis ach beagáinín caite. Spotaí ar an imeall. Allen Figgis, 1970. In eagar ag Michael Hurley, SJ.

The Honest Ulsterman Number 64 (ar athláimh)

The War Years in Ulster 1939-45. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an droma ídithe. Roinnt smál ar an chlúdach.

Conradh na Gaeilge agus an tOideachas Aosach (ar athláimh)

Seán Mac Mathúna agus Risteard Mac Gabhann. Cló Chois Fharraige, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus smál air. Píosa scríbhneoireachta taobh istigh.

An Próca Óir – Dráma beag i gcóir na Leanbh (ar athláimh)

Leabhrán beag 11cm in airde. Searlot Ní Dhúnlaing do scríobh. Brún agus Ó Nualláin. Meirg ar na stáplaí. Gan dáta. Na leathanaigh an-glan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil