Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Máire Mhic Ghiolla Íosa (ar athláimh)

Ray Mac Mánais, Cló Iar-Chonnachta. An Chéad Chló, 2003. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht sármhaith. Bloc téacs an-ghlan.

An Tost a Scagadh (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim. An Chéad Cló, 1993. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh agus imill na leathanaigh.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal Ó Marcaigh, 1981. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla marc an-bheag ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Oifig an tSoláthair, 1957. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach, píosa scríbhneoireachta i bpeann luaidhe taobh istigh. Stampa iar-leabharlainne taobh istigh.

Scathán Véarsaí (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1980. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith. Dorchú ar an bhforchlúdach, roinnt smál agus deannach air. Bloc téacs an-ghlan.

Cnoc na Sí (ar athláimh)

Máiréad Ní Chinnéide. Clódhanna Teoranta, an chéad chló 1976. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Is é an Cárta an Comhartha (ar athláimh)

Cúrsaí polaitíochta na hÉireann i gcártaí poist. Deaglán Ó Máirtín. Coiscéim, 2008. Clúdach bog, riocht iontach.

Irish Education – A History of Education Institutions (ar athláimh)

Norman Atkinson. Allen Figgis Dublin, 1969. Clúdach crua, le forchlúdach. Forchlúdach stróicthe agus dath ídithe. Leabhar crua i riocht maith, na cuinní beagáinín lúbtha. Téacs bloc i riocht an-mhaith.

Altanna is Aistí (ar athláimh)

Téicsleabhar Ceapadóireachta do sna SCoileannaibh. Seán Ó Sioradáin. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach bog, richt cuibheasach maith. Smál agus breacphicitúir ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite. Dath an droma ídithe, meirg ar na stáplaí. Leathanaigh ar fad inléite ach nótaí/breachphicitúir ar chuid dóibh.

Cogadh na Reann [1934] (ar athláimh)

The War of the Worlds. H.G. Wells do cheap. Leon Ó Broin a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air agus áit a cuireadh deoch sa mhullach air, is cosúil.

The Fighting Irish in the Congo (ar athláimh)

Raymond Smith. Lilmac, 1962. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Clúdach caite, dath ídithe in áiteanna agus roinnt smáil air. Bun agus barr an droma ídithe. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

The Irish Sketch Book 1842 (ar athláimh)

William Makepeace Thackeray. The Blackstaff Press, 1985. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

The Relevance of James Connolly in Ireland To-Day (ar athláimh)

George Gilmore. Dochas. Leabhrán bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí.

Cois Siúire (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. An Clóchomhar Tta., An Chéad Chló, 1982. Clúdach bog i riocht maith. Ruachan ar an taobh amuigh agus an taobh istigh den gclúdach ach saor ó smál seachas sin. Cúpla marc in áiteanna. Síniú an iar-úinéara laistigh

Athbheochan na hEabhraise: Ceacht don Ghaeilge? (ar athláimh)

Muiris Ó Laoire. An Clóchomhar Tta, 1999. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an bhforchlúdach.

Gníomhartha na mBráithre (ar athláimh)

Micheál Ó Cearúil. Coiscéim. 1996. Aistí Comórtha ar Ghaelachas na mBráithre Críostaí. Clúdach crua. Riocht an-mhaith.

Ó Donnabháin Rosa II (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1979. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

On the Art of Reading (ar athláimh)

Sir Arthur Quiller-Couch ‘Q’. Guild Books, 1947. Clúdach bog. Clúdach strócithe in áiteanna agus smál air. Píosa scríbhneoireacht ar chúl. Bloc téacs i riocht maith.

Caitheamh Aimsire ar Thórraimh [Cóip B – Marcanna] (ar athláimh)

Seán Ó Súilleabháin. An Clóchomhar tta., 1961. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach agus dath beagáinín ídithe.

Cnósach Gearr-Scéal (ar athláimh)

Risteárd Ó Foghludha. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1934. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dath ídithe áit ina raibh greamán. Spotaí ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil