Cur síos
Buachaill sé bliana déag d’aois é Billy, a bhfuil gnáthchuma air agus a bhfuil cónaí air ar gnátheastát i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliatha. Ar an taobh eile den scéal, buachaill dathúil é Jesus le béasa ilchríochacha. Is ón gceantar is galánta i mBarcelona é. Tagann sé ar turas ón Spáinn chun cónaí le teaghlach Bhilly ar feadh trí seachtaine samhradh amháin. Rachaidh Billy ar ais le Jesus ar chuairt ar Bharcelona. Ach, níor cheart d’aon duine pleananna a dhéanamh . . .