Cur síos
Céard a dhéanfaidh tú Oíche Shamhna? Conas a ghléasfaidh tú? An mbeidh tú i do thaibhse? An ngléasfaidh tú mar chailleach? Nó an mbeidh tú i do vaimpír?
Ar an oíche is spraíúla sa bhliain, cabhróidh an dán gutha seo le páistí ar gach aois róil éagsúla a ghlacadh.
Cuirtear gluais, gníomhaíochtaí agus taifeadadh den dán (cód MF/QR taobh istigh) ar fáil sa leabhar seo le scileanna a fhorbairt chun cumarsáid faoi Oíche Shamhna a éascú ar bhealach spraíúil.