Skip to main content

Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir

  • 0.7 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Joe Steve Ó Neachtain
  • 9781784441913
Praghas

15.00

Tá stoc againn


Oiread is fad méire de mo bheathaisnéis fhéin ní raibh i gceist agam a lua sa leabhar seo ach na heachtraí a bhain le muintir Chóil Ruaidí, dream a raibh mé mar chomharsa béal dorais acu ón lá ar caitheadh ar an sop mé, scéal Phádraic Chóil go háirithe.  Ach ní féidir liom a shéanadh nach bhfuil mé páirteach sa scéal. Mar sin fhéin, is é cion Pháidín den mheacan mo chionsa i gcomórtas leis an bpobal daoine a d’fhág lorg a mbéil le huachta againn. Gan aon athrú curtha ar a gcuid dea-chainte ach go díreach mar a tháinig na focla amach as a mbéal. (Joe Steve Ó Neachtain)