Cur síos
Tháinig strainséar ó Dhún na nGall isteach i rang Gaeilge An tSeabhaic ar 28ú Samhain 1913. Mhínigh An Seabhac go raibh sé tagtha ó cheanncheathrú Óglaigh na hÉireann le complacht a bhunú i gCill Áirne. Tháinig gach duine sa rang isteach sa chomplacht. Bhí timpeall 120 i gcomplacht Chill Áirne i Meitheamh 1914. I Lúnasa 1914 bhí 2,500 d’Óglaigh na hÉireann ag máirseáil trí Chill Áirne le freastal ar Comórtas na nÓglach agus Oireachtas na nGael 1914.