Liricí, véarsaíocht, dánta is prós. An dara cnuasach filíochta le dánta astu féin ó Alan Titley agus é ag cinntiú go bhfuil fairsingiú agus saibhriú ar ábhar, ar fhoirm agus ar fheidhm na véarsaíochta Gaeilge agus a shéideann beocht úr isteach i liricí Gaeilge. Ina measc, dánta a bhfuil leochaileacht mhothaitheach iontu, agus a spreagann macnamh faoi ghnéithe fhearúlacht.