Skip to main content

Éadaoin

  • 0.3 KG:
  • Leabhar Breac
  • Diarmuid Johnson
  • 9781909907683
Praghas

16.00


Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar sin ar fad fite in aon scéal amháin ag Diarmuid Johnson — na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha —ionas gur sean-eipic nua atá againn atá inchurtha le scéal Héilin na Traí, nó le scéal Tristan agus Íosóid.

Bean de shliocht éanlaith an tsí í Éadaoin. Í seal i measc na neamhbhuan abhus, seal i measc na mbuan i mBrí Léith. Is í ba bhanchéile d’Eochaidh Rí na Teamhrach. Ach is do Mhidhir a thug sí grá a croí, do Mhidhir an tsí, Midhir Bhrí Léith, Midhir na háille agus na mbriathra meala.