Déiseach i Nua-Ghuine Phapua

10.00

I ndeireadh na 1980idí bhí post múinteora ag Tom O’Donoghue, tráth a raibh cúrsaí na hÉireann guagach go maith, ach bhí dúshlán nua ag teastáil uaidh, Cé go raibh amhras ar roinnt cairde, chroch sé féin is a chúram a seolta go dtí an taobh thall den domhan, go Nua-Ghuine Phapua san Aigéan Ciúin Theas. […]

Cur síos

I ndeireadh na 1980idí bhí post múinteora ag Tom O’Donoghue, tráth a raibh cúrsaí na hÉireann guagach go maith, ach bhí dúshlán nua ag teastáil uaidh, Cé go raibh amhras ar roinnt cairde, chroch sé féin is a chúram a seolta go dtí an taobh thall den domhan, go Nua-Ghuine Phapua san Aigéan Ciúin Theas. B’fhada spéis aige sa chearn sin, ach anois bheadh sé ina chónaí, ag múineadh agus ag tógáil clainne ann.

Níorbh é an chéad Éireannach a chuir faoi ansin é, ach saol eile ar fad a bhí roimhe. Bhí air foghlaim faoi bhealaí na tíre, cultúir agus nósanna na dtreibheanna éagsúla. B’éigean dó na scileanna oideachais a bhí aige a chur in oiriúint don phobal ilchineálach seo. Dá dhifriúla é saol Nua-Ghuine Phapua, áfach, fuair sé amach go raibh cosúlachtaí idir é agus saol na nDéise as ar fáisceadh a mhuintir féin, gur d’aon chine amháin sinn go léir i ndeireadh na dála.

Léargas grinn ar thir an-suimiúil ar fad atá ina chuntas. Cuireann sé síos ar stair na tíre agus a bhfuil i ndán di, chomh maith lena thaithí féin uirthi. Is mór an taitneamh agus an tairbhe atá le baint as a scéal.

Eolas breise

Meáchan .5 kg