Skip to main content

An Seachtar Stuama: Déanaigí Deifir A Sheachtair!

  • 0.2 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Enid Blyton
  • 9781784441579
Praghas

7.00


Aistriúchán go Gaeilge den tsraith The Secret Seven le hEnid Blyton. Tá sé leabhar i  sraith An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

Is iad an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre an Seachtar Stuama (The Secret Seven) sna leaganacha Gaeilge. Le chéile is iadsan an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

Sa leabhar seo, Déanaigí Deifir, a Sheachtair! déanann fear ar bhain timpiste dhó iarracht teachtaireacht thábhachtach a thabhairt do lucht a tharrthála – mo léan, níl aon duine in ann meabhair a bhaint as ach an Seachtar Stuama. Agus tá tubaiste ar na bacáin mura n-éireoidh leo!

Is í Marion Ní Shúilleabháin a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.