Skip to main content

An Duais agus scéalta eile

  • 0.3 KG:
  • Coiscéim
  • Frainc Ó Murchadha
  • 6660012110254
Praghas

10.00


Tá úrscéalta agus gearrscéalta scríofa ag Frainc Ó Murchadha i nGaeilge agus i mBéarla. Tá Duais Chuimhneacháin Éilís Dillon buaite aige as úrscéal dá chuid, chomh maith le duais Oireachtais as dráma don raidió, Ainglíocht. Thug sé léiriú íogair ar chruachás an duine sna húrscealta a d’fhoilsigh Coiscéim, Éadulaingt, Éan Corr, agus Dílseacht. Scríobh sé 1916 Cois Laoi, an seachtú leabhar sa tsraith Macallaí na Cásca, ag cur síos ar an bpáirt a ghlac Óglaigh Chorcaí in éirí amach na Cásca 1916. Iarmhúinteoir scoile is ea Frainc Ó Murchadha. Tá cónaí air i gCorcaigh.

Idir chomhráite, chuimhní, imprisin agus smaointe curtha in iúl go héifeachtach aige. Creideann an leitheoir sa reacaire seo, ar ghníomhaí agus breathnóir é tríd síos.

…feabhas an chomhrá, roghnú cliste na mionsonraí, géar thabhairt faoi deara… le moladh go hard…

– Moltóirí ag comórtas an Oireachtais