Skip to main content

Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith

  • 0.5 KG:
  • Gearóid Ó Tuathaigh & Breandán Mac Suibhne
Praghas

20.00


Ó bunaíodh an stát, bhí trácht ar bhuanú agus neartú na Gaeltachta a bheith mar chúram ar eagras faoi leith. Ar feadh i bhfad, ghéill an dea-rún don tsiléig nó gur cuireadh Gaeltarra Éireann ar bun i 1958, le forbairt a dhéanamh ar sheantionscnail tuaithe agus ar thionscnail nua sa Ghaeltacht. I bhfad na haimsire mhéadaigh ar réimse oibre Ghaeltarra. Ach ó dheireadh na seascaidí bhí foras níos cumhachtaí agus níos cuimsithe – le gné láidir dhaonlachtach – á éileamh ag ceannairí pobail sa Ghaeltacht. De thairbhe an éilimh sin bunaíodh Údarás na Gaeltachta i 1980 mar chomharba ar Ghaeltarra, ach le struchtúr nua agus feidhmanna níos fairsing aige. Iarracht atá anseo léargais éagsúla a thabhairt ar chúlra agus ar éifeacht Údarás na Gaeltachta, tionscnamh eisceachtúil chun mórspriocanna sóisialta agus cultúrtha an stáit a bhaint amach.